16 Rachad air maghaidh a neart an TIGHEARNA Día: trachdad ar thfíréuntachdsa, ar amháin.
17 O Dhé, do mhúinis mé óm óige: agus go nuige so dfoillsigh mé do mhíorbhuile.
18 Anois fós a núair atáim sean agus líath, a Dhé, ná tréig mé; go ttaisbeana mé do neart don ghinealachso, agus do chumhachda do nuile dhuine thiucfas.
19 Atá thfíréuntacht fós ro árd, a Dhé, noch do rinne neithe móra: a Dhé, cía is cosmhuil riotsa!
20 Thusa noch do thaisbéin damh buáidheartha iomdha neimhneacha, béodhochair mé a rís, agus do bhéarair súas mé ó dhoimhne na talmhan.
21 Foirlíonfa tú márrachtas, agus comhfuirteocha tú mé air gach taóibh.
22 Molfa mé fós thú air adhbhaidh na sáltrach, thfírinnesi, ó mo Dhía: canfad sailm dhuit leis an ccláirsigh, thusa a Aóin Náomhtha Israel.