3 Atá an talamh agus a nuile áitreabhas ann ar na scaoileadh: daingneochadsa a phostadha. Selah.
4 A deirim ris ha hamadánuibh, Ná déanuidh leimhe: agus leis na cionntachaibh, Ná tógbhaidh súas a nadharc:
5 Ná tógbhaidh súas a nadharc go ro árd: ná labhruidh re muinéul cruáidh.
6 Oír ní ó náird a noir, nó a níar, nó ó dheas atá árdughadh.
7 Acht Día an breitheamh: umhluigh sé an fearso, agus árduigh sé an fear oile.
8 Oír atá cupán a láimh an TIGHEARNA, agus atá an fíon dearg; lán do chumasc; agus dóirtigh sé as amach: a dheasgaidh sin amháin, fháisgfid uile pheacaidh na talmhan, agus ibhid.
9 Acht foillseochuidh misi a thrócaire go bráth; canfad sailm do Dhía Iácob.