36 Agus do rinneadar spleadha ris re na mbéul, agus bréaga re na tteangaidh.
37 Acht ní raibh a ccroidhe leis, agus ní rabhadar fírinneach ann a chunnradh.
38 Thairis sin, mar do bhí sé trócaireach, do mhaith a ccionta, agus níor sgrios íad: agus dfill sé go minic a fhearg tar a hais, agus níor mhúscail sé a dhibhfhearg uile.
39 Agus do chuimhnigh gur bhfeóil íad; anál do imthighios, agus nach bhfillean.
40 Cá mhéud úair do chorruigheadar é annsa díothramh, agus do chuireadar doilghios air annsa bhfásach!
41 Agus dfilliodar agus do chuireadar cathughadh ar Dhía, agus do chuireadar an Táon Náomhtha Israel a gcuimsi.
42 Níor chuimhnigheadar a lámh, nó an lá do sháor sé íad ó na námhuid.