56 Gidheadh do chuireadar cathughadh agus do bhrostuigheadar an Día is ro áirde, agus níor chongmhadar a fhíadhnuisigh:
57 Acht dfilliodar air a ccúl, agus do pheacuigheadar go míochoinghiollach mar a naithre: do bhádar air na niompógh mar bhogha cealgach.
58 Agus do chorruigheadar é chum feirge le na náitibh árda, agus re na níomháighibh ceirbhéartha do ghluáisiodar é chum éada.
59 Do chúalaidh Día sin, agus do bhí fearg air, agus do fhúathaidh Israel go ro mhór:
60 Agus do thréig sé tabernacuil Shilo, an páilliún noch do shuighidh sé a measc a dhaóine;
61 Agus do thoirbhir a neart a mbraighdionas, agus a ghlóir a láimh na námhad.
62 Thug sé mar an ccéadna a dhaóine don chloidhiomh; agus do bhí sé feargach re na oighreachd.