59 Do chúalaidh Día sin, agus do bhí fearg air, agus do fhúathaidh Israel go ro mhór:
60 Agus do thréig sé tabernacuil Shilo, an páilliún noch do shuighidh sé a measc a dhaóine;
61 Agus do thoirbhir a neart a mbraighdionas, agus a ghlóir a láimh na námhad.
62 Thug sé mar an ccéadna a dhaóine don chloidhiomh; agus do bhí sé feargach re na oighreachd.
63 Do loisg an teine rogha a ndaóine óg; agus níor mholadh a maighdiona.
64 Do thuiteadar a sagairt ris an ccloidheamh; agus níor ghuileadar a mbaintreabhacha.
65 Ann sin do mhúscuil an TIGHEARNA mar dhuine na chodladh, agus mar dhuine árrachta ag gárrtha tre fhíon.