2 As béul na naóidhean agus leanabh na ccíoch dórduighis neart do bhrígh do naimhde, chor go ccoisgféa an námhuid agus an dióghaltóir.
3 A nuáir mheasuim do fhlaithis, obair do mhéur, an ré agus na réulta, noch do órduighis;
4 Cred é an duine, as a bhfuil tú cuimhneach air? agus mac an duine, as a bhfiosruighionn tú é?
5 Oír do rinne tú é beagan nios ísle ná na haingil, agus do choróinighis é le glóir agus le honóir.
6 Do chuir tú é ós cionn oibreach do lámh; do chuiris a nuile ní fá na chosuibh:
7 Na cáoirigh uile, agus na doimh, fós, agus beathuigh an mhachaire;
8 Eúnluith a naiéir, agus íasg na fairge, agus gidh bé ar bith ghabhus tre chasánuibh na bhfairgeadh.