1 A THIGHEARNA, do bhí tú fabharthach dot dhúthaigh: thug tú ar ais braighdionas Iácob.
2 Do mhaith tú eaccoirthe do phobail, dfoluigh tú a bpeacadh uile. Selah.
3 Do tharruing tú leachd do dhíbhthearg uile: dfillis ó theas thfeirge.
4 Iompóigh sinn, a Dhé ar shlánuighthe, agus coisg thfearg ar naghaidh.
5 An mbía tú feargach go bráth rinn? an mbía thfearg ar congmháil ó ghinealach go ginealach?
6 Nach ndéanair sinne bhéoghudh a rís: ionnus go ndéunaid do dhaoine lúathgháire ionnad?
7 Taisbéin do thrócaire dhúinn, a THIGHEARNA, agus tabhair do shlánughadh dhuinn.