8 Ní bhfuil do shamhuilse a measc na ndée, a THIGHEARNA; agus ní bhfuilid neithe cosmhuil red oibreachaibh.
9 Tiocfaid na huile chineadhacha do rinnis agus do dhéanaid adhra ós do choinne, a THIGHEARNA; agus do dhéanaid hainm do ghlórughadh.
10 Oír is mór thusa, agus do nír neithe iongantacha: is tú féin Día amháin.
11 Teagaisg dhamh a THIGHEARNA, do shlightheacha; agus siubhólad ann tfírinne: coimhcheangail mo chroidhe chugadsa deaglughadh hanma.
12 Molfad thú, a THIGHEARNA mo Dhía, rem uile chroidhe: agus do dhéanad hainm do ghlórughadh go bráth.
13 Oír is mór thrócaire orumsa: agus dfúascail tú manam ó ifrionn íochdarach.
14 O a Dhé, déirghiodar na huáibhrigh súas am aghaidh, agus díarradar coimhthíonól na bhfoiréignioch manam; agus níor chuireadar thusa as a ccomhar.