11 Is leatsa na flaitheamhnuis, agus fós is leacht an talamh: an saoghal agus a iomláine sin, do shuighidh tusa íad.
12 Do chruthaidh tú budh thúaidh agus budh dheas: Tábor agus Hermon do dhéanaid lúathgháire ann hainm.
13 Atá rígh neartmhar agad: is láidir do lámh, agus is árd do dheaslámh.
14 Ceart agus breitheamhnus is suigheadh dot chathaóir ríogha: rachaidh trócaire agus fírinne ós coinne haighthe.
15 Is beannuighe na daóine dar baithne a nfuáim gháirdeach: a THIGHEARNA, siubholuid, a solus do ghnúise.
16 Do dhéanaid gáirdeachus ann hainmse air feadh an laói: agus ann thfíréantachd áirdeochthar íad.
17 Oír is tusa glóir a neirt: agus ann thfadhbhar áirdeochthar ar nadharc.