35 Thugas mo mhionna áonuair dar mo náomhthacht nach déanuinn bréug re Dáibhi.
36 Biáidh a shliochd go bráth, agus a chathaóir ríoghdha mar an ghrian ós mo choinne.
37 Biáidh sé ar na dhaingniughadh go bráth mar an ngealuidh, agus mar fhiaghnuise fhirinnigh annsa naíeir. Selah.
38 Ach do thréigis, agus do dhiúlt tú, do bhí tú ro fheargach red ungthach.
39 Do bhris tú cunnradh do sherbhísigh: do thruáilligh tú a choróin, da teilgion chum na talmhan.
40 Do bhris tú fós a fhálta uile; agus do theilghis síos a dhaingne.
41 Gach a ngabhann an tslighe creachaid é: is imdheargadh é dá chomharsanaibh.