6 Oír cía annsa spéir is féidir do chomóradh ris an TTIGHEARNA? cía is cosmhuil ris an TTIGHEARNA a measc chloinne na neartmhar?
7 Is cóir eagla do bheith roimhe Dhía a ccoimhthionól a naomh go romhór, agus modh do thabhairt dó ós cionn a bhfuil na thimchioll,
8 A THIGHEARNA a Dhé na slógh, cía atá cosmhuil riot TIGHEARNA ro chumhachdach? agus atá thfírinne ad thimchioll fa gcuáirt?
9 Riaghluidhe tú úabhar na mara: an tan bhíd a tonna ar dtógbháil súas, suáimhnighan tú íad.
10 Do bhris tú Rahab a mblodhibh amhuil duine ar na sháthadh thríd; lé láimh do neirt do spréidh tú do naimhde.
11 Is leatsa na flaitheamhnuis, agus fós is leacht an talamh: an saoghal agus a iomláine sin, do shuighidh tusa íad.
12 Do chruthaidh tú budh thúaidh agus budh dheas: Tábor agus Hermon do dhéanaid lúathgháire ann hainm.