1 Molfa me thú, a THIGHEARNA, re croidhe iomlán; foillseocha mé hoibreacha iongantacha uile.
2 Biaidh mé lúathgáireach agus gáirdeochad ionadsa: canfad moladh dod ainm, ó thusa is ro áirde.
3 A núair fhillfighear mo naimhde ar a nais, tuitfid síad agus rachuid seachad ad fhiaghnuisi.
4 Oír do chothuighis mo cheart, agus mo chúis; do shuighis san nárdchathaoir ag breathnughadh ceirt.
5 Do imdhearguis na geinte, do lérscriosuis an ciontach, do chuiris amach a nainm go sáoghal na sáoghal.
6 O a náimhuid, atáid scriosta air tteachd chum críche suthuine: agus do scriosuis caithreacha; dimthigh a ccuimhniughadh seachad maille ríu.
7 Acht mairfidh an TIGHEARNA choidhche: dullmhuigh sé a árdchathaóir chum breitheamhnuis.