3 A núair fhillfighear mo naimhde ar a nais, tuitfid síad agus rachuid seachad ad fhiaghnuisi.
4 Oír do chothuighis mo cheart, agus mo chúis; do shuighis san nárdchathaoir ag breathnughadh ceirt.
5 Do imdhearguis na geinte, do lérscriosuis an ciontach, do chuiris amach a nainm go sáoghal na sáoghal.
6 O a náimhuid, atáid scriosta air tteachd chum críche suthuine: agus do scriosuis caithreacha; dimthigh a ccuimhniughadh seachad maille ríu.
7 Acht mairfidh an TIGHEARNA choidhche: dullmhuigh sé a árdchathaóir chum breitheamhnuis.
8 Agus do dhéana sé breitheamhnus air an sáoghal a bhfiréantachd, do dhéana sé breitheamhnus don phobal a bhfírinne.
9 Bíaidh an TIGHEARNA mar an ccéadna na ionad dídin don té sháruighthear, na dhaingion a naimsearuibh buáidheartha.