5 Do imdhearguis na geinte, do lérscriosuis an ciontach, do chuiris amach a nainm go sáoghal na sáoghal.
6 O a náimhuid, atáid scriosta air tteachd chum críche suthuine: agus do scriosuis caithreacha; dimthigh a ccuimhniughadh seachad maille ríu.
7 Acht mairfidh an TIGHEARNA choidhche: dullmhuigh sé a árdchathaóir chum breitheamhnuis.
8 Agus do dhéana sé breitheamhnus air an sáoghal a bhfiréantachd, do dhéana sé breitheamhnus don phobal a bhfírinne.
9 Bíaidh an TIGHEARNA mar an ccéadna na ionad dídin don té sháruighthear, na dhaingion a naimsearuibh buáidheartha.
10 Agus an mhuinntir agá bhfuil fíos hanma cuirfid a ndóigh ionnud: óir thusa, a THIGHEARNA, níor thréigis an luchd íarrus thú.
11 Cán molta don TIGHEARNA, noch chomhnuighios a Sion: foillsigh a measc an phobail a ghníomhartha.