1 Ata an TIGHEARNA a ríoghacht, atá sé ar na éudughadh ré mórdhachd; atá an TIGHEARNA ar na éudughadh ré neart, do chreasruigh sé é féin: atá an sáoghal fós ar na dhaingniughadh, go nach féidir a chorrughadh.
2 Atá do chathaóir ríogha ar na daingniughadh a nallód: ó shíorruigheachd atá tusa.
3 Do thógbhadar na tuilte súas, a THIGHEARNA, do thógbhadar na tuilte súas a nguth; tóigfid na tuilte súas a ttonna.
4 Os cionn ghotha na nuisgeadh mór núathbhusach, ós cionn mhonghair na mara, is úathbhasach ós áird atá an TIGHEARNA.