3 Oír is Día mór an TIGHEARNA, agus Rígh mór ós cionn na nuile dhée.
4 Iona láimh atáid uile áite doimhne na talmhan: agus áirde na ccnoc iona chumhachtuibh.
5 Is leis an mhuir, agus é féin do rinne í, agus do chumadar a lámha an fearann tirim.
6 Tagaidh, déanam adhra agus cláonam: filliom ar nglúine ós coinne an TIGHEARNA ar ccruthuigheóir.
7 Oír is eision ar Ndía; agus sinne pobal a innbhir, agus caóirigh a lámh. A niugh má éistighe a ghuth,
8 Ná cruáidhighe bhur ccroidhe, mar san Meribah, amhuil is a ló Massah san bhfásach:
9 Mar ar chuireadar bhur naithre cathughadh orum, do dhearbhuigheadar mé, agus do chonncadar moibreacha.