1 Canuidh don TIGHEARNA caintic nuadh; óir do rinne sé neithe iongantacha: do thárthaidh a láimh dheas, agus a rígh náomhtha feín.
2 Do chuir an TIGHEARNA a shlánughadh a numhail: a radharc an ccineadhach dfoillsigh sé a fhíréuntachd.
3 Do chuimhnigh sé a thrócaire agus a fhírinne do thigh Israel: do choncadar teoranna na talmhan uile slánughadh ar Ndéne.
4 Déan fuáim lúathgháireach chum an TIGHEARNA, a thalaimh uile: deán fuáim thaighiúir, deán gáirdeachus, agus cán salm.
5 Canuigh chum an TIGHEARNA ris an ccláirsigh; ris an gcláirsigh, agus re guth salm.
6 Re trumpadhuibh agus re guth an chornet déanaidh fuaim lúathgháireach ós choinne an TIGHEARNA, an Rígh.
7 Déanadh an mhuir mongair, agus a hiomláine; an sáoghal agus an dream chomhnuighios ann.