1 Atá an TIGHEARNA a ríoghachd; bíodh criothnughadh air na poibleacha: suighe sé idir na cherubínibh; corruigheadh an talamh.
2 Atá an TIGHEARNA mór a Sion; agus is árd esion ós cionn na nuile phobal.
3 Molaidís hainm mór úathbhásach; oír is náomhtha é.
4 Agus is ionmhuin ré neart an rígh breitheamhnus; daingnidh tú ceart, do ní tu breitheamhnus agus ceart ann Iácob.
5 Arduighidh an TIGHEARNA ar Ndía, agus déanaidh umhla ag stól a chos; óir is náomhtha é.
6 Maóise agus Aaron a measg a shagart, agus Samuel a measg na druinge ghoirios air a ainm; do ghoireadar air an TTIGHEARNA, agus do chúala sé íad.
7 A bpiléur neóill do labhair sé ríu: do chongmhadar a fhiaghnuiseadha, agus na reachda thug se dhóibh,