Salm 10 ABN

Achainí a Iarraidh Cabhair Dé

1 Cad fáth a gcoinníonn tú amach uainn, a Thiarna?Cad fáth a ngabhann tú i bhfolach in am an bhuairimh?

2 Téann an t‑éagráifeach ar thóir lucht na hainnise go díomasachagus ceaptar iad siúd sna bearta a bheartaigh sé.

3 Óir maíonn an t‑éagráifeach as mianta a chroí:déanann an santach diamhasla agus diúltaíonn don Tiarna.

4 Deireann an drochdhuine le díomas: “Ní dhéanfaidh sé díoltas.”Deir sé ina intinn: “Níl Dia ar bith ann!”

5 Éiríonn an bóthar leis i gcónaíagus is fada óna aigne do bhreitheanna.Is beag aige a naimhde uile.

6 Deir sé ina chroí: “Ní chorrófar mé:Ní bhainfidh míshéan dom go brách.”

7 Bíonn a bhéal lomlán de mhallachtaíagus fós de chealg is de bhréaga:bíonn urchóid is mioscais faoina theanga.

8 Téann sé in oirchill i bhfogas na mionbhailte:dúnmharaíonn sé an neamhchiontach ina ionad folaigh.Bíonn a shúile ag faire an bhochtáin gan taca.

9 Fanann sé faoi cheilt ar nós leoin ina uachais,fanann sé i bhfolach chun breith ar lucht na hainnise:beireann sé ar an ainniseoir agus tugann ina líon é.

10 Cromann sé chun léim a thabhairtagus titeann an t‑anbhann le treise a lámh.

11 Deir sé ina chroí: “Ní cuimhin le Dia;folaíonn sé a aghaidh, ní fheiceann dada.”

12 Éirigh, a Thiarna! Tóg do lámh, a Dhia!agus ná déan dearmad ar lucht na hainnise.

13 Cad chuige don choirpeach drochmheas a chaitheamh le Dia,á rá ina chroí: “Ní imreoidh sé díoltas”?

14 Feiceann tusa an trioblóid is an buaireamhionas go bhféadfá cúram a dhéanamh díobh.Is ortsa atá a sheasamh ag an ainniseoir,is tú a thugann cúnamh don dílleachta.

15 Déan cumhacht an éagráifigh agus an urchóidigh a bhriseadh,agair a n‑urchóid orthu go ndéanfar a milleadh.

16 Is é an Tiarna is rí go brách na breithe;rachaidh na ciníocha ar ceal as a fhearann.

17 Éistfidh tú, a Thiarna, le mianta na mbocht;daingneoidh tú a gcroí agus tabharfaidh tú cluas dóibh,

18 a sheasamh ceart na ndílleachtaí is an dream a d'fhulaing éigeanionas nach mbeadh an saoltánach ina chúis sceimhle dóibh feasta.