1 Salm le Dáiví. 1 Leis an Tiarna an talamh agus a lánmhaire,an domhan ar fad agus a maireann ann.
2 Is é féin a bhunaigh ar an aigéan éagus a dhaingnigh ar an bhfarraige íochtarach é.
3 Cé a rachaidh suas cnoc an Tiarna?Cé a bheidh ina sheasamh ina ionad naofa?
4 An té a bhfuil lámh gan smál agus croí glan aige:an té ar beag air nithe gan tairbheagus nach dtugann mionn éithigh dá chomharsa.
5 Beidh beannacht an Tiarna ar an té sinagus luach saothair ó Dhia, a shlánaitheoir.
6 A leithéid sin a bhíonn á lorg:a bhíonn ar thóir Dia Iacóib.
7 Ardaigí bhur lindéir, a gheataí,agus tógtar na doirse cianaostago dtaga Rí na glóire isteach!
8 Cé hé an Rí seo na glóire?An Tiarna atá láidir, tréan;an Tiarna atá tréan i gcogadh.
9 Ardaigí bhur lindéir, a gheataí,agus tógtar na doirse cianaostago dtaga Rí na glóire isteach!
10 Cé hé an Rí seo na glóire?Is é an Tiarna é, Dia na slua,sin é Rí na gloire.