1 Do stiúrthóir an chóir; le gléasanna téad. Salm le Dáiví.
2 Éist liom is mé ag éamh ort, a Dhia na fíréantachta.D'fhuascail tú mé ó mo phianpháis, éist liom go trócaireach.
3 A fheara, cá fhad dom faoi mhíchlú agus náire,agus sibhse ag tabhairt taitnimh don bhaois is don éitheach?
4 Is é an Tiarna a roghnaíonn dó féin an duine diaga:éistfidh an Tiarna nuair a ghlaofaidh mé air.
5 Bíodh eagla oraibh; ná peacaigí, déanaigí machnamh in bhur leaba.
6 Déanaigí íobairtí córa, bíodh bhur ndóchas sa Tiarna agaibh.
7 Is iomaí duine á rá: “Cé a nochtfaidh nithe fónta dúinn?Ardaigh solas do ghnúise os ár gcionn, a Thiarna.”
8 Is mó a chuir tusa d'aoibhneas i mo chroíná iad siúd de bharr flúirse aráin agus fíona.
9 Rachad a luí faoi shuaimhneas: déanfad codladh go sámh,óir is tú amháin, a Thiarna, a choimeádann ó bhaol mé.