1 Do stiúrthóir an chóir. Ar an “gittith”. Salm Dháiví.
2 A Thiarna, ár dTiarna, nach éachtach éd'ainm ar fud na cruinne!Moltar do mhaorgacht os cionn na spéartha
3 as béal naíonán agus leanaí cíche.Bhunaigh tú daingean in aghaidh d'eascairded'fhonn naimhde agus ceannaircigh a chloí.
4 Nuair a fheicim na spéartha, saothar do mhéar -an ré agus na réaltaí a rinne tú -
5 cad is duine ann go dtógfá ceann de?ná mac an duine go ndéanfá cúram de?
6 Rinne tú beagán níos lú ná dia égur chuir tú barr glóire agus gradaim air.
7 Thug tú ceannas ar oibreacha do lámh dóagus chuir tú gach aon ní faoina chosa,
8 idir chaoirigh agus eallaí agus eileagus ainmhithe uile an mhachaire,
9 éanlaith an aeir agus iasc na maraagus a ngluaiseann ar raonta na farraige.
10 A Thiarna, ár dTiarna, nach éachtach éd'ainm ar fud na cruinne!