Salm 7 ABN

Urnaí an Fhíréin atá faoi Ghéarleanúint

1 Amhrán éagaointeach (Siggayon) de chuid Dáiví a chan sé don Tiarna mar gheall ar Chuis an Biniáimineach.

1 Amhrán éagaointeach (Siggayon) de chuid Dáiví a chan sé don Tiarna mar gheall ar Chuis an Biniáimineach.

2 A Thiarna, a Dhia liom, is tú mo dhídean;saor mé ar mo ghéarleantóirí agus fuascail mé,

3 sula mbeiridís ar m'anam mar leon,do mo sciobadh leo gan fear mo tharrthála ann.

4 A Thiarna Dia, má rinne mé an ní seo,má rinne mé urchóid le mo lámha,

5 má thug mé an t‑olc in aghaidh na maitheasa do mo chara,má chreach mé mo namhaid gan chúis -

6 go leana mo namhaid mé is go mbeire sé orm,go ngabha sé de chosa i m'anam,is go leaga sé m'oineach sa luaithreach.

7 Éirigh, a Thiarna, le corp feirge:éirigh in aghaidh buile mo namhad (a Dhia liom),dúisigh, ó d'fhógair tú breithiúnas.

8 Tagadh comhthionól na gciníocha i do thimpeall:bí i do shuí os a gcionn in airde.

9 Is é an Tiarna breitheamh na gciníocha.Tabhair breith orm, a Thiarna, de réir m'fhíréantachtaagus de réir an ionracais atá ionam.

10 Cuir deireadh le hurchóid na n‑éagráifeachagus daingnigh na fíréin;os tú a thriaileann croí agus áranna,a Dhia na fíréantachta.

11 Is é Dia mo sciath is mo dhídeana shaorann lucht an chroí dhírigh.

12 Breitheamh ceart cóir é Dia,Dia a smachtaíonn in aghaidh an lae.

13 Mura leasaíonn siad, cuirfidh sé faobhar ar a chlaíomh;teannfaidh sé agus díreoidh sé a bhogha;

14 tá uirlisí marfacha gléasta aigeagus saigheada mar chaora tine.

15 Bhí an t‑urchóideach torrach ar an olcghabh sé an mhioscais agus shaolaigh an feall.

16 D'oscail sé clais agus thochail íach thit sé sa pholl a rinne sé.

17 Fillfidh a mhioscais ar a bhaithis féin:ar a cheann féin a fhillfidh a fheall.

18 Molfaidh mé an Tiarna as ucht a fhíréantachta:ceolfaidh mé don Tiarna, an Neach is Airde.