1 Alleluia.Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é,agus go maireann a bhuanghrá go brách.
2 Tugaigí buíochas do Dhia na ndéithe,óir maireann a bhuanghrá go brách.
3 Tugaigí buíochas do Thiarna na dtiarnaí,óir maireann a bhuanghrá go brách.
4 Is é an t‑aon neach amháin é a dhéanann móréachtaí,óir maireann a bhuanghrá go brách.
5 Rinne sé na flaithis le feabhas a eagna,óir maireann a bhuanghrá go brách.
6 Rinne sé an talamh a leathadh ar na huiscí,óir maireann a bhuanghrá go brách.
7 Eisean a rinne na soilse móra,óir maireann a bhuanghrá go brách.
8 Chuir sé an ghrian i gceannas an lae,óir maireann a bhuanghrá go brách;
9 an ré is na réaltaí i gceannas na hoíche,óir maireann a bhuanghrá go brách.
10 Bhuail sé céadghin na nÉigipteach,óir maireann a bhuanghrá go brách.
11 Agus threoraigh sé Iosrael as a measc,óir maireann a bhuanghrá go brách.
12 Le cumhacht a láimhe agus neart a chuisle,óir maireann a bhuanghrá go brách.
13 Roinn sé an Mhuir Rua ina dhá cuid,óir maireann a bhuanghrá go brách.
14 Agus thug ar Iosrael siúl anonn trína lár,óir maireann a bhuanghrá go brách.
15 Threascair sé Forann agus a shlua sa mhuir,óir maireann a bhuanghrá go brách;
16 agus sheol a phobal tríd an bhfásach,óir maireann a bhuanghrá go brách.
17 Bhuail sé na ríthe móra,óir maireann a bhuanghrá go brách;
18 agus mharaigh sé na ríthe cumhachtacha,óir maireann a bhuanghrá go brách;
19 Síochon, rí na nAmórach,óir maireann a bhuanghrá go brách;
20 agus Óg a bhí ina rí ar Bháiseán,óir maireann a bhuanghrá go brách.
21 Agus thug sé a bhfearann mar oidhreacht,óir maireann a bhuanghrá go brách;
22 mar oidhreacht do Iosrael a sheirbhíseach,óir maireann a bhuanghrá go brách.
23 Chuimhnigh sé orainn nuair a bhíomar dár mbuaireamh,óir maireann a bhuanghrá go brách.
24 Agus rinne sé ár bhfuascailt ónár naimhde,óir maireann a bhuanghrá go brách.
25 Bronnann sé bia ar a maireann sa cholainn,óir maireann a bhuanghrá go brách.
26 Gabhaigí buíochas le Dia na bhflaitheas,óir maireann a bhuanghrá go brách.