1 Do stiúrthóir an chóir. Le gaothuirlisí. Salm le Dáiví.
2 Tabhair cluas do mo bhriathar, a Thiarna,agus éist le m'osna.
3 Claon chun glór mo ghuí,a Rí liom is a Dhia!
4 Óir is chugatsa a chuirim m'urnaí, a Thiarna;éisteann tú liom ar maidin.Ag faire is ag feitheamh dom ar maidin,cuirim chugat mo ghuí.
5 Ní Dia tú lenarb áil an urchóid:ní mhaireann an t‑olc leat.
6 Ní sheasfaidh an scaothaire an fódos comhair do shúl.
7 Is gráin leat lucht oibrithe an oilc;scriosann tú lucht éithigh.Is fuath leis an Tiarna an fear fuilteachagus an cealgaire claon.
8 Rachadsa cheana i do theachsatrí líonmhaire do thrócaire;cromfaidh mé i do theampall naofale heagla romhat, a Thiarna.
9 Treoraigh mé a Thiarna, i d'fhíréantachtmar gheall ar mo naimhde;réitigh do shlí romham.
10 Níl an fhírinne le fáil ina mbéal;tá cealg ina gcroí.Is uaigh ar leathadh a gcraos;is mealltach a dteanga.
11 Agair do bhreithiúnas orthu, a Thiarna;go dteipe ar a mbearta;cuir an ruaig orthu de dheasca a gciontaóir d'éirigh siad i d'éadan.
12 Bíodh áthas ar chách a ritheann chugat;gairdídís go brách;caomhnaigh an dream lenarb áil d'ainmchun go ndéana siad gairdeas ionat.
13 Óir beannóidh tú an fíréan, a Thiarna;beidh do chineáltas amhail sciath ina thimpeall.