Salm 60 ABN

Urnaí tar éis an Chatha

1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Lile an Dlí”. Mictam le Dáiví. Le foghlaim.

1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Lile an Dlí”. Mictam le Dáiví. Le foghlaim.

2 Nuair a ghabh sé amach i gcoinne Arám Naharaím agus Arám Zóbá nuair a tháinig Ióáb ar ais gur threascair sé Eadóm i nGleann an tSalainn - 12,000 (fear).

3 Theilg tú uait sinn, a Dhia, agus threascair tú sinn;bhí tú i bhfeirg linn, fill orainn arís.

4 Chroith tú an talamh agus scoilt tú é.Déan a chréachtaí a leigheas óir tá sé ar crith.

5 Chuir tú do phobal faoi chuing an chruatain,thug tú fíon ár mearaithe le hól dúinn.

6 Thug tú comhartha don dream lenarb eagal túionas go dteithfidís as raon an bhogha, Selah

7 agus go ndéanfaí d'aos grá a shaoradh.Fóir orainn le do dheasláimh agus éist linn.

8 Labhair Dia ina shanctóir agus gheall sé:“Roinnfidh mé Seicim go ríméadachagus déanfaidh mé Gleann Sucót a thomhas.

9 Is liom tír Ghileád, is liom Manaise;is é Eafráim clogad mo chinn,is é Iúdá mar an gcéanna mo ríshlat;

10 is é Móáb mo bháisín níocháin.Ar Eadóm a bhuailfidh mé mo bhróg,agus béarfaidh mé bua ar Fhilistía.”

11 Cé sheolfaidh isteach mé sa chathair chosanta?Cé thabharfaidh go hEadóm isteach mé?

12 Nach tú a chuir uait sinn, a Dhia,ionas nach ngabhann tú amach lenár sluaite?

13 Tabhair cúnamh dúinn in éadan ar naimhdeóir is díomhaoin é cúnamh ón duine.

14 Déanfaimid gaisce le cunamh ó Dhiaóir is é a ghabhfaidh de chosa inár naimhde.