1 Salm Dháiví. Nuair a bhí sé ag lonnú i bhfásach Iúdá.
2 A Dhia, mo Dhia thú, is tú a iarraim,tá íota tharta ar m'anam chugat.Ní théann lagadh ar mo cholainn ach ag tnúth leatamhail talamh túr tirim gan uisce.
3 Is mar sin a bhínn ag amharc ort san ionad naofad'fhonn go bhfeicfinn do ghlóir is do chumhacht.
4 De bhrí gur fearr ná an bheatha féin do bhuanghrá,canfaidh mo bheola do mholadh.
5 Ar an ábhar sin beannóidh mé le mo bheo thúagus ardóidh mé mo lámha i d'ainmse.
6 Líonfar m'anam mar a líonfaí le fleá é,agus molfaidh mo bhéal le ríméad thú.
7 I mo luí dom ar mo leaba bím ag cuimhneamh ort,bím ag smaoineamh ort i dtráthanna na hoíche;
8 óir ráinig tú i do chúntóir agam,agus gairdím faoi scáth do sciathán.
9 Tá m'anam ag cloí go dlúth leat,agus coinníonn do dheaslámh suas mé.
10 An dream atá ar tí m'anama chun a scriosta,rachaidh siad síos i ndoimhneacht na talún.
11 Tabharfar suas do chumhacht an chlaímh iadagus déanfaidh na seacáil a gcuid orthu.
12 Is i nDia a dhéanfaidh an rí gairdeas,agus beidh áthas ar a mionnaíonn dar eisean,ach cuirfear béal lucht éithigh ina thost.