1 Amhrán. Salm chlann Chorach.
2 Is éachtach an Tiarna agus is inmholta go mór éi gcathair ár nDé.
3 Is álainn an cnoc é a shliabh naofa,áthas an domhain uile.Is é Cnoc Shíón de leith an tuaiscirtcathair an ArdRí.
4 Chruthaigh Dia i lár a dúntabheith ina dhaingean sábháilte.
5 Óir féach! chruinnigh na ríthe le chéilegur ionsaigh siad in éineacht.
6 Chuir a bhfaca siad anbhá agus alltacht orthu;rinneadh stangairí díobh le neart mearbhaill.
7 Tháinig crith cos is lámh orthu láithreach,amhail tinneas clainne;
8 mar a bheadh an ghaoth anoir ag milleadhloingeas Thairsís.
9 Mar a chualamar, is amhlaidh a chonaiceamari gcathair ár nDé;i gcathair Thiarna na sluaa dhaingnigh Dia go deo.
10 Déanaimid machnamh ar do bhuanghrá, a Dhia,i gceartlár do theampaill.
11 Leathann do mholadh, ar nós d'ainm, a Thiarna,go críocha na cruinne.Is lán do dheaslámh d'fhíréantacht;
12 gairdíonn Cnoc Shíón.Tá áthas ar iníonacha Iúdáde bharr do bhreithiúnais.
13 Siúlaigí Síón agus triallaigí ina timpeallcomhairigí a túir.
14 Breathnaigí a rampair chosanta;scrúdaigí a dúnfoirt,go n‑inseoidh sibh don ghlúin atá le teacht:
15 is mar sin dár nDia.Is é ár nDia é go brách na breitheagus ár dtreoraí go deo.