1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.
2 Gairdíonn an rí as do chumhacht, a Thiarna,cá hionadh lúcháir air de chionn do chúnaimh!
3 Thug tú mian a chroí go deimhin dó,is níor eitigh tú air achainíocha a bhéil.
4 Tháinig tú ina airicis le beannachtaí búidhe,agus chuir tú coróin de ghlanór ar a cheann.
5 D'iarr sé an bheatha ort agus bhronn tú fadsaol aira mhairfidh go brách ó aois go haois.
6 Is mór é a ghradam de bharr do chúnaimh.Bronnann tú maorgacht agus maise rómhór air.
7 Rinne tú ábhar beannachta go brách de;cuireann do láithreacht ríméad is lúcháir air.
8 Tá dóchas an rí go daingean sa Tiarna:toisc bhuanghrá an Té is Airde ní dhéanfar a bhogadh.
9 Béarfaidh do lámh ar d'eascairde go léir:béarfaidh do dheaslámh ar an dream a thugann fuath duit.
10 Loiscfidh tú iad mar a dhéanfá i mbruithneach thinean uair a thaibhseoidh do ghnúis.Scriosfaidh an Tiarna ina dhíbheirg iad,agus déanfaidh an tine a slogadh.
11 Scriosfaidh tú a sliocht den talamhagus a gclann as líon na ndaoine.
12 Bíodh go mbeartóidís an t‑olc i do choinnenó go gceapfaidís an chealg, ní éireoidh leo,
13 Óir cuirfidh tú an ruaig is an teitheadh orthuagus teannfaidh tú do bhogha ina n‑éadan.
14 Éirigh, a Thiarna, i do neart:canfaimid agus ceiliúrfaimid do chumhacht.