Salm 145 ABN

Maorgacht agus Ollmhaitheas Dé

1 Moltaí Dháiví. 1 Mórfaidh mé thú, a Dhia agus a Rí;agus molfaidh mé d'ainm trí shaol na saol.

1 Moltaí Dháiví.

2 Molfaidh mé thú in aghaidh an lae;agus molfaidh mé d'ainm trí shaol na saol.

3 Is mór an Tiarna agus is inmholta thar cuimse é;ní féidir a mhórgacht a mhionransú.

4 Fógrófar d'oibreacha ó ghlúin go glúinagus foilseofar do chumhacht mar an gcéanna.

5 Déanfar trácht ar mhórghlóir do mhaorgachta;agus inseofar d'éachtaí iontacha.

6 Labhrófar faoi do bhearta uafásacha;beifear ag caint faoi do chumhacht is do chumas.

7 Cuimhneofar ar líonmhaireacht do mhaitheasa;agus déanfar d'fhíréantacht a chanadh go háthasach.

8 Is cineálta an Tiarna agus is trócaireach,mall chun feirge, agus lán de thrua.

9 Is grámhar an Tiarna le gach aon neach;tá trua aige do gach dúil dá ndearna sé.

10 Ceiliúrfaidh d'oibreacha uile thú, a Thiarna;agus beannóidh do dhaoine dílse thú.

11 Canfaidh siad glóir-réim do ríochta;agus foilseoidh siad uile do chumhacht,

12 ionas go nochtfar do chumhacht do dhaoineagus niamhracht agus glóir-réim do ríochta.

13 Mairfidh do ríochtsa feadh saol na saol,agus do cheannas go brách na breithe.Is dílis an Tiarna ina bhriathra uile;agus is naofa é ina oibreacha go léir.

14 Tacaíonn an Tiarna lena mbíonn ag titim;agus tógann sé an dream a bhíonn ar lár.

15 Bíonn súile gach aon dúile ag feitheamh ortsa;agus tugann tú bia dóibh in am trátha.

16 Osclaíonn tú do lámh go fialmhar;agus sásaíonn tú a bhfuil beo le do chineáltas.

17 Is fíréanta é an Tiarna ina shlite uile;agus is naofa é ina oibreacha go léir.

18 Is gairid é an Tiarna dá ngaireann air,dá ngaireann air go fírinneach ó chroí.

19 Déanann sé toil an dreama lenarb eagal é;éisteann sé lena n‑éamh agus fóireann orthu.

20 Coimeádann an Tiarna gach duine a thugann grá dó;ach scriosfaidh sé na hurchóidigh go léir.

21 Go gcana mo bhéal moladh an Tiarnaagus go mbeannaí gach aon neach a ainm naofa;go brách agus go síoraí suthain.