Salm 88 ABN

Faoi Bhráca an Bhróin

1 Amhrán: Salm de chuid chlann Chorach. Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Mahalat”. Mascil Heman an dúchasach.

1 Amhrán: Salm de chuid chlann Chorach. Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Mahalat”. Mascil Heman an dúchasach.

2 A Thiarna Dia, bím ag éamh ort de lá;bím ag caoineadh istoíche os do chomhair.

3 Go dtaga mo ghuí ag triall ort;claon do chluas chun mo ghlóir.

4 Óir tá m'anam lánualaithe le buarthaí;tá mo bheatha ag druidim leis an uaigh.

5 Áirítear mé ar an drong a ghabhann sa pholl;agus ráinig mé mar neach gan neart;

6 mar dhuine ina aonar i measc na marbh,amhail an t‑ár ina luí san uaigh,atá imithe as do chuimhne go brách,agus atá scartha le do chúram caomhnaitheach.

7 Chuir tú go domhain san uachais mé,in íochtar an duibheagáin dhorcha.

8 Luíonn do dhíbheirg go trom orm;tá mé báite faoi do thonnta go léir.

9 Chuir tú mo chairde i bhfad uaim;thug tú orthu déistin a ghlacadh liom.Táim faoi ghlas is ní féidir liom éalú;

10 tá mo shúile ag meirtniú le téann buartha.Bím ag éamh ort gach aon lá, a Thiarna;is chugat a shínim mo lámha.

11 An ndéanfaidh tú éachtaí do na mairbh?an éireoidh na neamhbheo do do mholadh?

12 An bhfógrófar do ghrá san uaigh,nó do dhílseacht i measc na marbh?

13 An bhfoilseofar d'éachtaí sa dorchacht;agus d'fhíréantacht i dtír na díchuimhne?

14 Is ort a bhím ag éamh, a Thiarna,is chugat a thagann m'urnaí ar maidin.

15 Cad chuige duit m'anam a ruaigeadh?cad fáth a bhfolaíonn tú d'aghaidh orm?

16 Tá mé i m'ainniseoir, i riocht bháis ó m'óige;scanraigh mé romhat gur traochadh mo neart.

17 Tháinig do dhíbheirg orm anuas,agus rinne do sceimhle mo scriosadh.

18 Bíonn siad i mo thimpeall de shíor amhail tuile;tagann siad uile i mo thimpeall in éineacht.

19 Sciob tú uaim mo chara agus mo chomharsa;is í an dorchacht mo chompánachsa feasta.