1 Salm Dháiví. 1 D'fhoilsigh an Tiarna do mo thiarnasa:“Bí i do shuí ar mo dheisgo gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.”
2 Sínfidh an Tiarna ríshlat do chumhachtaas Síón amach.Bí ag rialú i measc do naimhde.
3 Is leatsa an ceannas ó lá do bhreithear na sléibhte naofa;is leat [an ríogacht ó fhíorthús d'óige].
4 Mhionnaigh an Tiarna, ní bheidh aithreachas air:“Is sagart tú go bráchde réir ord Mheilcizidic.”
5 Tá an Tiarna ina sheasamh ar do dheis;déanfaidh sé smionagar de ríthe lá na feirge.
6 Tabharfaidh sé breithiúnas ar na náisiúin,déanfaidh sé carn de chonablaigh;brisfidh sé cinn urra go fada fairsing.
7 Ólfaidh sé as an sruth cois bóthair;agus dá bhrí sin tógfaidh sé a cheann.