1 AlleluiaTugaim grá agus taitneamh don Tiarna,toisc gur éist sé le mo ghuí;
2 toisc gur chrom sé chugam a chluas,nuair a ghaireas air.
3 Bhí dola an bháis i mo thimpeall,agus pianpháis na huaighe;casadh anró agus anacair i mo threo.
4 Ghlaoigh mé ar ainm an Tiarna.“A Thiarna, fóir ar m'anam!”
5 Is ceansa an Tiarna agus is cóir;is trócaireach é ár nDia.
6 Caomhnaíonn sé an dream gan chealg;bhí mé ar lár agus shaor sé mé.
7 Glac do shuaimhneas arís, a anam liom,mar roinn an Tiarna go maith leat.
8 Óir sciob sé m'anam ón mbás,agus mo shúile ó dheora,agus mo chosa ó thuisliú.
9 Beidh mé ag siúl i láthair an Tiarna;i bhfearann na mbeo.
10 Bhí muinín agam fiú amháin nuair a dúirt mé:“Tá mé buartha go mór.”
11 Nuair a dúirt mé le corp eagla:“Is bréagach gach aon neach.”
12 Cén cúiteamh a dhéanfaidh mé leis an Tiarnaina ndearna sé dom?
13 Glacfaidh mé cupán an tslánaithe,gairfidh mé ainm an Tiarna.
14 Díolfaidh mé mo mhóideanna leis an Tiarnai bhfianaise a phobail.
15 Is luachmhar i láthair an Tiarnabás a fhíréan.
16 Is mise do ghiolla, a Thiarna,sea, is mac do chailín aimsire;scaoil tú mo chuibhreacha.
17 Ofrálfaidh mé íobairt an bhuíochais duit;gairfidh mé ainm an Tiarna.
18 Díolfaidh mé mo mhóideanna leis an Tiarnai bhfianaise a phobail,
19 i gcúirteanna áras an Tiarnai gceartlár Iarúsailéim.