Salm 84 ABN

Is Méanar dá ndéanann Cónaí i dTeach Dé

1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Na Cantaoirí Fíona”. Salm le clann Chorach.

1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Na Cantaoirí Fíona”. Salm le clann Chorach.

2 Nach álainn go dearfa d'áras,a Thiarna na slua!

3 Ag meirtniú le méin do m'anam,santaíonn sé cúirteanna an Tiarna.Gairdíonn mo chroí is mo cholainn,i nDia - an Dia bithbheo.

4 An gealbhan féin, fuair sé teach;fuair an fháinleog nead di féinmar a gcuirfeadh sí a hál ag d'altóirí;a Thiarna na slua, a rí liom is a Dhia.

5 Is méanar dá ndéanann cónaí i do theach;beidh siad do do mholadh de shíor.

6 Is méanar dóibh siúd gur tusa a neart;an dream a mbíonn do shlite ina gcroí.

7 Ag gabháil dóibh trí ghleann an tseirfin,feictear dóibh gur gleann na dtoibreacha é;líonann báisteach an earraigh le beannachtaí é.

8 Téann siad ó neart go neart;feicfidh siad Dia na ndéithe i Síón.

9 A Thiarna na slua, éist le mo ghuí;tabhair cluas dom, a Dhia Iacóib. Selah

10 Féach, a Dhia, ár sciath;agus breathnaigh ar aghaidh d'ungthaigh féin.

11 B'fhearr liom aon lá amháin i do chúirteannaná míle lá in aon áit eile.B'fhearr liom bheith ar thairseach theach Déná bheith i mo chónaí i mbothanna na bpeacach.

12 Óir is grian agus is sciath é an Tiarna Diaa bhronnann orainn grásta agus glóir.Ní eitíonn sé maitheas ar bithar an muintir a chaitheann a mbeatha gan cháim.

13 A Thiarna (a Dhia) na slua,is aoibhinn don té a bhfuil a dhóchas ionat.