1 Cad fáth a bhfuil na ciníocha á suaitheadhagus na náisiúin ag beartú gan éifeacht?
2 Éiríonn ríthe na cruinne,agus déanann na flatha comhcheilg le chéilein éadan an Tiarna agus a ungthaigh:
3 “Réabaimis ó chéile a gcuibhreachaagus caithimis uainn a ngeimhle!”
4 An té atá ar neamh, déanann sé gáire:déanann an Tiarna díol magaidh díobh.
5 Labhraíonn sé ansin leo go feargach;cuireann scéin agus sceimhle orthu le corp cuthaigh:
6 “Chuir mise mo rí féin i réimeasar Shíón, ar mo shliabh naofa.”
7 Foilseoidh mé reacht an Tiarna.“Is tú mo mhac,” a dúirt an Tiarna liom,“inniu is ea a ghin mé thú.
8 Iarr orm agus tiomnóidh mé na ciníocha duitagus críocha na cruinne mar oidhreacht duit.
9 Déanfaidh tú iad a bhriseadh le slat iarainn;brisfidh tú ina mbloghanna iad amhail soitheach cré.”
10 Bígí críonna, dá bhrí sin, a ríthe;aire chugaibh! a rialtóirí na cruinne.
11 Déanaigí fónamh don Tiarna le heaglaagus tugaigí ómós dó go creathnach, 12 sula gcuirfí fearg air, is go dtéadh sibh ar cealnuair a bhladhmfaidh a fhearg go tobann.Is aoibhinn dá gcuireann a ndóchas ann.