Salm 107 ABN

An Cúigiú Leabhar

Moladh le Dia

1 Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é,toisc go maireann a bhuanghrá go brách.

2 Abradh amhlaidh an dream ar shlánaigh an Tiarna iad,an dream a shlánaigh sé ó láimh an namhad,

3 agus a chruinnigh sé ó thíortha i gcéin,anoir, aniar, aneas agus aduaidh.

4 Ghabh siad ar seachrán in uaigneas an fhásaigh;níor aimsigh siad slí chuig cathair chónaithe.

5 Bhí ocras agus tart as cuimse orthu,go raibh siad i ndeireadh a n‑anama.

6 Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar;agus rinne sé a bhfuascailt óna n‑anacraí,

7 agus sheol sé ar an mbóthar díreach iadionas gur aimsigh siad cathair chónaithe.

8 Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá,as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamchlann,

9 de bhrí gur shásaigh sé an t‑anam tartmhar,agus gur líon sé de nithe fónta an t‑anam ocrach.

10 Bhí siad ina suí sa duifean agus sa dorchacht,i gcuibhreacha na hainnise agus an iarainn,

11 toisc go ndeachaigh siad in easumhlaíocht ar Dhia,agus gur neamhshuim leo comhairle an Neach is Airde.

12 D'ísligh sé a gcroí le buairt;thuisligh siad; ní raibh aon neach lena dtarrtháil.

13 Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar,agus rinne sé a bhfuascailt óna mbuaireamh.

14 Thug sé amach as an duifean agus an dorchacht iad;agus réab sé a gcuibhreacha ó chéile.

15 Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá;as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamhchlann.

16 Óir rinne sé smionagar de na doirse práisagus réab sé na sparraí iarainn ó chéile.

17 Buaileadh breoite iad de dheasca a bpeacaí;bhíodar á gcrá de dheasca a gcionta.

18 Ba ghráin leo an uile shórt bia;agus dhruid siad le doirse an bháis.

19 Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar;agus rinne sé a bhfuascailt óna mbuaireamh.

20 Chuir sé a bhriathar chucu á leigheas;agus saoradh iad ón scrios a bhí ag bagairt orthu.

21 Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá;as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamchlann.

22 Ofrálaidís a n‑íobairtí buíochais,agus fógraídís a éachtaí go háthasach.

23 Sheol cuid acu an mhuir i loingeas;a thrádáil ar an aigéan imleathan,

24 mar a bhfaca siad oibreacha an Tiarna,agus na héachtaí a dhéanann sé san fharraige.

25 Óir labhair sé agus mhúscail sé an t‑anfa,agus thóg sé mórthonnta na mara.

26 Suas go haer leo agus síos leo go grinneall,gur theip ar a meanma ina n‑anbhroid.

27 Bhí siad ag tuisliú is ag titim amhail lucht meisce,mar dhaoine a bhí i mbarr a gcéille.

28 Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar;agus rinne sé a bhfuascailt óna mbuaireamh.

29 Chiúnaigh sé an t‑anfa is an doineann;agus chuir tonnta na mara ina dtost.

30 Ghabh áthas iad as ucht an chiúnais;agus sheol sé iad sa chuan ba mhian leo.

31 Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá,as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamhchlann.

32 Tugaidís moladh dó i gcomhthionól an phobail;déanaidís a mhóradh i seanad na sean.

33 Rinne sé fásach de shruthanna;talamh tirim de thoibreacha uisce;

34 riasca salainn de thalamh torthúilmar gheall ar urchóid a lucht áitrithe.

35 Agus rinne sé locha uisce den fhásach;toibreacha uisce den talamh tur tirim.

36 Agus chuir sé lucht an ocrais ag lonnú ann;agus bhunaigh siad ann cathair ináitrithe.

37 Chuir siad síol ann agus phlandaigh siad fíniúna;agus thug an talamh barr ar fheabhas dóibh.

38 Bheannaigh sé iad agus chuaigh siad i líonmhaireacht;níor lig sé dá dtréada dul i laghad.

39 Ach caitheann sé dímheas le flatha;agus ligeann ar seachrán slí iad san fhásach.

40 Agus téann siad i laghad agus i laige;de thoisc iomad a n‑olc is a n‑angar.

41 Ach tógann sé na boicht as a n‑ainnise,go ndéanann a dteaghlaigh chomh líonmhar le tréada.

42 Feiceann na fíréin agus déanann siad gairdeas,agus cuirtear an uile urchóid ina tost.

43 Tabharfaidh an t‑eagnaí na nithe seo dá aire;agus beidh tuiscint aige ar bhuanghrá an Tiarna.