Salm 68 ABN

Caithréim agus Bua

1 Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví. Amhrán.

1 Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví. Amhrán.

2 Éireoidh Dia agus scaipfear a naimhdeagus teithfidh as a láthair an dream a thugann fuath dó.

3 Mar a scaiptear an deatach is amhlaidh a scaipfear iad;mar chéir a leátar i láthair na tinerachaidh na peacaigh ar neamhní i bhfianaise Dé.

4 Ach beidh áthas ar na fíréin i bhfianaise Dé,déanfaidh siad gairdeas go meidhreach meanmnach.

5 Canaigí amhrán do Dhia agus seinnigí dá ainm,déanaigí slí don té atá ag marcaíocht ar na néalta;gairdigí don Tiarna, déanaigí lúcháir ina láthair.

6 Athair na ndílleachtaí agus caomhnóir na mbaintreach;is é sin Dia ina áras naofa.

7 Is é Dia a thugann teallach don aonarán uaigneach;seolann sé na braighdeanaigh chun saoirse agus sonais,ach fágann sé lucht ceannairce i dtalamh gan uisce.

8 A Dhia, nuair a ghabh tú roimh do phobal amach,nuair a thriall tú tríd an bhfásach bhí an talamh ar crith. Selah

9 Bhí néalta neimhe ag díle báistí i bhfianaise Dé -i bhfianaise Dé is Dia do Iosrael.

10 D'fhear tú flúirse fearthainne, a Dhia, ar d'oidhreacht;thug tú beatha do do phobal agus iad ar an ngorta.

11 Is ann a lonnaigh do phobal de bharr do chineáltaismar a ndearna tú soláthar, a Dhia, do lucht an ghátair.

12 Tugann an Tiarna an briathar uaidh;is líonmhar an slua iad lucht inste dea-scéala:

13 “Cuirtear ruaig is raon maidhme ar ríthe na sluaiteagus tá an bhantracht sa bhaile ag roinnt na creiche.

14 Bíodh go bhfuil sibhse in bhur luí i measc chróite na gcaorachtá sciatháin an choilm arna gclúdach le hairgeadagus a chleití ag drithliú le ruithne an óir,

15 San uair a scaip an tUilechumhachtach na rítheagus leag sé ar lár iad mar shneachta ar Shalmón.”

16 Is maorga na sléibhte iad sléibhte Bháiseán;is sléibhte beannacha iad sléibhte Bháiseán.

17 Cad fáth a bhfuil éad oraibh, a shléibhte beannacha,ag féachaint ar an sliabh daoibh a thogh Dia mar áras?Is ann a bheidh an Tiarna ina chónaí go brách.

18 Tá na mílte agus na mílte de charbaid Dé ann;tháinig an Tiarna ó Shíonái chun an ionaid naofa.

19 Ghabh tú in airde agus braighdeanaigh mar aon leatagus ghlac tú le tíolacthaí ó dhaoine, a Thiarna -fiú amháin ó lucht ceannairce i d'áras, a Dhia.

20 Moladh leis an Tiarna ó lá go chéile,an Dia a thugann taca dúinn; is é ar slánaitheoir é. Selah

21 Dia a thugann tarrtháil orainn an Dia seo againne;tugann an Tiarna ár nDia doras éalaithe ón mbás dúinn.

22 Déanfaidh Dia go dearfa cloigeann a naimhde a bhascadh;baithis mhongach an té a chéimníonn gan staonadh ina chionta.

23 Is é a dúirt an Tiarna: tabharfaidh mé ar ais ó Bháiseán iad;tabharfaidh mé ar ais iad ó dhuibheagáin na mara,

24 chun go dtomfaidh tú do chosa i bhfuil do naimhdeagus go mbeidh a gcuid féin díobh ag teangacha do mhadraí.

25 Feictear do mhórshiúlta sollúnta, a Dhia;mórshiúlta mo Dhé agus mo Rí san ionad naofa;

26 na cantairí i dtús an tslua, na cruitirí ar deireadh,na cailíní ina lár istigh ag seinm ar thiompáin.

27 Molaigí an Tiarna i gcomhthionóil shollúnta;molaigí bhur nDia, a shliocht chlann Iosrael.

28 Siúd é Biniáimin an té is óige i dtosach an tsluaagus siúd iad flatha Iúdá ag gluaiseacht ina sluaite;mar aon le flatha Zabúlun agus flatha Naftáilí.

29 Cruinnigh do chumhacht, a Dhia, nocht dúinn do neart,an chumhacht sin a d'oibrigh tú a Dhia, ar ár son.

30 As ucht do theampaill in Iarúsailéim in airde,bíonn mórán ríthe ag tabhairt tíolacthaí chugat.

31 Bí ag bagairt ar ainmhithe allta na ngiolcach,táinte na dtarbh agus laonna na gciníocha;sléachtaidís go humhal duit le bronntanais airgid;cuir scaipeadh ar na ciníocha a bhfuil a ndúil sa chogadh.

32 Tiocfaidh na flatha ag triall ort ón Éigiptagus sínfidh an Aetóip a lámha chun Dé.

33 Canaigí do Dhia, a ríochtaí na cruinne,seinnigí moladh ar an gcláirseach don Tiarna Selah

34 atá ina shuí ar néalta neimhe os ar gcionn in airde;ardaíonn sé a ghlór agus is cumasach an glór é.

35 Tagaigí agus admhaígí mórchumhacht Déa bhfuil ceannas aige ar Iosrael agus cumhacht sna spéartha. 35 Is ineaglaithe Dia Iosrael ina shanctóir naofa;is é a thugann neart agus cumhacht dá phobal.Moladh le Dia!