1 Canaigí amhrán úr don Tiarna;canaigí don Tiarna, a thíortha go léir.
2 Canaigí don Tiarna agus molaigí a ainm;fógraígí a shlánú ó lá go lá.
3 Insígí a ghlóir i measc na gciníocha;agus a éachtaí i measc na náisiún.
4 Is mór é an Tiarna; is díol molta é;is díol eagla thar na déithe go léir é.
5 Ní dada iad déithe na gciníocha;ach is é an Tiarna a rinne na flaithis.
6 Is leis an ghlóir agus an gradam;tá cumhacht agus taibhse ina shanctóir.
7 Tugaigí don Tiarna, a chlanna na gciníocha;tugaigí don Tiarna glóir agus cumhacht,
8 tugaigí don Tiarna an ghlóir is dual dá ainm;tugaigí bhur dtabhartais libh isteach ina chúirteanna.
9 Tugaigí adhradh don Tiarna in éide naofa;bí ar crith ina láthair a dhomhan uile.
10 Fógraígí do na ciníocha: “Tá an Tiarna ina Rí,”shocraigh sé an domhan go daingean dochorraithe;tabharfaidh sé breith chóir chothrom ar na náisiúin.
11 Bíodh áthas ar neamh agus ar talamh;tugadh an mhuir agus a bhfuil inti a nglór.
12 Bíodh lúcháir ar an machaire agus a bhfuil ann;tógadh crainn uile na coille gártha áthais
13 i bhfianaise an Tiarna atá ag teacht;atá ag teacht a rialú na cruinne.Rialóidh sé an domhan go cothrom,agus tabharfaidh sé fíorbhreith ar na daoine.