Salm 56 ABN

Muinín as an Tiarna

1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Yonat Elem Rehoqim”. Mictam le Dáiví nuair a bhí sé ina chime ag an Filistínigh i nGat.

1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Yonat Elem Rehoqim”. Mictam le Dáiví nuair a bhí sé ina chime ag an Filistínigh i nGat.

2 Bí trócaireach liom, a Dhia, óir déantar leatrom orm;imrítear ansmacht orm in aghaidh an lae.

3 Gabhann mo naimhde de chosa ionam i gcónaí,is iomaí duine a bhíonn ag troid liom go huaibhreach.

4 Nuair is eagal liom is ort atá mo sheasamh,

5 ar Dhia dá dtugaim moladh as ucht a bhriathair.As Dia atá mo mhuinín gan eagla,Cad a fhéadfaidh fuil is feoil a dhéanamh dom?

6 Cuireann siad mo bhriathra as a ríocht i gcónaí;níl de rún acu ach dochar a dhéanamh dom.

7 Tionólann siad le chéile in oirchill orm;téann siad ar mo lorg le fonn mo mharaithe.

8 [Cúitigh] a n‑urchóid leo, a Dhia,déan na ciníocha a chloí i do chuthach.

9 Choinnigh tú cuntas ar mo chuid seachrán;tá mo chuid deor i dtaisce i do bhuidéal;nach bhfuil siad arna mbreacadh i do leabhar?

10 Cuirfear mo naimhde ar gcúlan uair a ghlaofaidh mé ort,óir is eol dom anois go bhfuil Dia liom.

11 As Dia, dá dtugaim moladh as ucht a bhriathair,

12 as Dia atá mo mhuinín gan eagla;cad a fhéadfaidh fuil is feoil a dhéanamh dom?

13 Tá mé faoi cheangal na móideanna a rinne mé duit;toirbhreoidh mé íobairtí buíochais duit, a Dhia,

14 toisc gur tharrthaigh tú m'anam ón mbásagus choinnigh tú mo chosa ó thuisliú,ionas go siúlfainn i bhfianaise Dé,is go mbainfinn aoibhneas as solas na mbeo.