Salm 81 ABN

Féile an Fhómhair agus na hAthbhliana

1 Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Na Cantaoirí Fíona”. Le hÁsáf.

1 Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Na Cantaoirí Fíona”. Le hÁsáf.

2 Canaimis go meidhreach do Dhia ár neart;tógaigí gártha gliondair do Dhia Iacóib.

3 Cromaigí ar an gceol agus buailigí an tiompán,an bhinnchruit chaoin agus an chláirseach.

4 Séidigí an stoc le linn na gealaí úire,nuair is lán don ghealach, lá na féile.

5 Óir is bunreacht in Iosrael é;is reacht é de reachtanna Dia Iacóib

6 a d'achtaigh an dlí seo do Iósaefnuair a ghabh sé amach in aghaidh na hÉigipte.

7 Teanga nárbh aithnid dom a chuala mé:“Thug mé faoiseamh dá ghualainn ón ualachagus fuasclaíodh a lámha ón gcliabh.

8 Ghlaoigh tú orm in am an bhuairimh agus shaor mé thú;thug mé freagra ort as néal na doininne;rinne mé do thástáil ag uiscí Mhiríbeá. Selah

9 Éistigí, a phobal liom, tabharfaidh mé comhairle daoibh;monuar nach n‑éisteann tú liom, a Iosrael!

10 Ná bíodh aon dia deoranta in bhur measc;ná déanaigí dia eachtrannach a adhradh.

11 Mise an Tiarna, bhur nDia,a sheol sibh as tír na hÉigipte;oscail do bhéal go fairsing agus líonfaidh mé é.

12 Ach ní éistfeadh mo phobal le mo ghlór;níorbh áil le hIosrael bheith umhal dom.

13 Thug mé suas iad do mhianta a gcroí;chun cibé ní ab áil leo a dhéanamh.

14 Dá mb'áil le mo phobal éisteacht liom;dá siúlfadh Iosrael i mo shlite,

15 chuirfinn a naimhde faoi chois gan mhoill;agus dhéanfainn a n‑eascairde a threascairt.

16 Bheadh lucht fuatha an Tiarna ag lútáil leis;ach bheidís faoi bhroid go brách.

17 Bheathóinn [Iosrael] le scoth na cruithneachta;agus líonfainn é le mil as an gcarraig.”