1 Do stiúrthóir an chóir. [Salm le] Dáiví.Deir an t‑amadán ina chroí:“Níl aon Dia ann.”Tá siad truaillithe: déanann siad gníomhartha gránna;níl aon duine maith ann.
2 Breathnaíonn an Tiarna ó neamhar chlann na ndaoinego bhfeice sé an bhfuil tuiscint ag aon duinenó an iarrfaidh sé Dia.
3 Chuaigh siad uile ar seachrán;truaillíodh iad uile,níl neach ann a dhéanann an mhaith:níl oiread is duine.
4 An ea nach bhfuil ciall ag lucht an oilc?Slogann siad mo phobalgo díreach mar a shlogfaí arán.Níor ghlaoigh siad ar an Tiarna.
5 Beidh an dream sin ar crith le heagla,óir tá Dia leis an bhfíréan.
6 Ba mhian libh dóchas an bhochtáin a mhilleadh,ach is é an Tiarna a dhídean.
7 Á, go dtaga slánú Iosrael as Síón amach!Nuair a chasfaidh an Tiarna an rath ar a phobal,beidh áthas ar Iacób agus gairdeas ar Iosrael.