Salm 39 ABN

“Grásta na Foighne in aghaidh na hÉagóra”

1 Do stiúrthóir an chóir, .i. do “Iduthun”. Salm le Dáiví.

1 Do stiúrthóir an chóir, .i. do “Iduthun”. Salm le Dáiví.

2 Dúirt mé: “Tabharfaidh mé aire do mo shlitesula ndéana mé peaca le mo theanga.Cuirfidh mé srian le mo bhéalnuair a bheidh an t‑éagráifeach os mo choinne.”

3 Bhí mé balbh agus d'fhan mé i mo thost,bhí éad orm de dheasca a rathúnais.

4 Bhí mo chroí go te ionam istigh;las tine de bhladhm ar mo mhachnamh dom,agus leis sin labhair mo theanga.

5 Foilsigh dom, a Thiarna, mo chríoch dhéanach,nocht dom líon mo laethanta,ionas gurab eol dom neamhbhuaine an tsaoil.

6 Is gairid an seal a thug tú dom,is neamhní mo ré shaoil i d'fhianaise.Níl i neach dá maireann ach puth anála

7 agus gabhann an duine seacha mar scáil.Gal gaoithe a shaibhreas go léir;ní fios dó cé a gheobhaidh ar chruinnigh sé.

8 Cad fáth dom bheith ag feitheamh, a Thiarna?is ionat atá mo dhóchas ar fad.

9 Saor mé ó mo chionta go léir,ná tabhair mé mar cheap magaidh don amadán.

10 Bhí mé i mo thost; níor oscail mé mo bhéalde bhrí gur tusa faoi deara é.

11 Tóg uaim anois do sciúirse;tá mé cloíte ag buillí do láimhe.

12 An uair a smachtaíonn tú an duinele hachasán i ngeall ar a pheacaleánn tú mar leamhan an ní is luachmhar leis;níl in aon neach ar bith ach puth anála.

13 Éist le mo ghuí agus le m'urnaí, a Thiarna,ná tabhair cluas bhodhar do mo ghlao.Óir is aoi mé atá ag baint fúm agatsai m'oilithreach ar nós m'aithreacha go léir.

14 Lig dom, go bhfaighe mé aoibhneassula dté mé faoi dheoidh ar ceal coiteann.