Salm 83 ABN

In Aghaidh an Namhad

1 Amhrán. Salm Ásáf.

1 Amhrán. Salm Ásáf.

2 Ná bí i do thost, a Dhia;ná bí balbh, a Dhia; ná bí ciúin.

3 Óir féach! tá do naimhde ag tógáil clampair;agus tá do lucht fuatha ag tógáil a gcinn.

4 Chinn siad ar chomhairle in aghaidh do phobail;chuaigh siad i gcogar in aghaidh aos do ghrá.

5 Dúirt siad: “Déanaimis a scriosadh mar phobal;go ndéanfar dearmad ar ainm Iosrael feasta.”

6 Déanann siad cogar le chéile d'aon intinn;déanann siad cor agus conradh i do choinne.

7 Pubaill chlanna Eadóm agus Ísmeáéil;pubaill chlanna Mhóáb agus Hágár,

8 Geabal agus Amón agus Amáiléic;na Filistínigh agus lucht áitrithe na Tuíre,

9 Chuaigh an Asaír mar an gcéanna i gcomhar leo;a thabhairt cúnaimh agus nirt do chlann Lót. Selah

10 Déan leo siúd mar a rinne tú le Midián;le Síseará agus Iábaín cois Chiseon;

11 an mhuintir a díthíodh ag Éan Dór,a ndearnadh aoileach dá gcoirp ar an talamh.

12 Tabhair oidhe Oraeb agus Zéab ar a bhflatha,oidhe Zéaba agus Zalmuná ar a dtaoisigh -

13 an drong a dúirt: “Gabhaimis seilbhar pháirceanna Dé mar oidhreacht againn féin.”

14 Cuir scaipeadh orthu, a Dhia, mar lóchán;nó mar cháith ag imeacht le gaoith.

15 Mar a loisceann an tine an choill,mar a loisceann an lasair na sléibhte,

16 cuir an ruaig orthu siúd le do dhoineann;cuir sceimhle agus scanradh orthu le do stoirm.

17 Folaigh a n‑éadan le náire;nó go n‑iarrfaidh siad d'ainm, a Thiarna.

18 Bíodh náire agus scéin go brách orthu;go n‑éaga siad faoi tháir agus tharcaisne!

19 Bíodh a fhios acu gur tú amháin an Tiarna;an Té is Airde os cionn an domhain go léir.