1 Tá an Tiarna ina rí, tá na ciníocha ar crith;tá sé ina shuí ar na ceiribíní, creathnaíonn an talamh.
2 Is mór é an Tiarna i Síón;tá sé i réim os cionn na gciníocha uile.
3 Tugaidís moladh dá ainm óir is éachtach é agus is uamhnach;is naofa é agus [lán de chumhacht].
4 Is tú an Rí a thugann grá don fhíréantacht.Bhunaigh tú cothromas agus ceart agus cóir;agus chuir tú i bhfeidhm iad in Iacób.
5 Móraigí an Tiarna, ár nDia;umhlaígí i láthair a stóil choise;de bhrí gur naofa é an Tiarna.
6 Bhí Maois agus Árón ar líon a shagart.Bhí Samúéil orthu siúd a ghaireadh ar a ainm.Ghairidís ar an Tiarna agus d'éisteadh sé leo.
7 Is leo a labhair sé as colún an néil.Rinneadar a thoil agus choinníodar a dhlí,na haitheanta a thug sé dóibh.
8 Thug tú freagra orthu, a Thiarna, ár nDia,agus bhí tú i do Dhia so-mhaitheach dóibh,cé go ndearna tú a bpeacaí a agairt orthu.
9 Móraigí an Tiarna, ár nDia,agus umhlaígí ar a Shliabh Naofa;óir is naofa é an Tiarna, ár nDia.