Salm 132 ABN

Gealltanas Dé do Theaghlach Dháiví

1 Amhrán Oilithreach. 1 Cuimhnigh, a Thiarna, ar Dháiví,agus ar a bhfuair sé de dhua agus de dhochraide,

1 Amhrán Oilithreach.

2 ar an mionn a mhionnaigh sé don Tiarna,ar a mhóid do Neach cumhachtach Iacóib:

3 “Ní rachaidh mé faoi dhíon mo thí;ná ní luífidh mé ar an leaba a cóiríodh dom.

4 Ní thabharfaidh mé suan do mo shúile;ná codladh do rinn mo rosc

5 nó go bhfaighidh mé ionad don Tiarna,teach cónaithe do Neach cumhachtach Iacóib.”

6 Chualamar trácht air, féach, in Eafrát;agus fuaireamar é ar mhachairí Iár.

7 “Téimis isteach ina áras;agus adhraimis ag stóilín a chos.”

8 Gabh isteach in áit do shuaimhnis, a Thiarna,tú féin agus áirc do mhaorgachta.

9 Go raibh éadaí na fíréantachta ar do shagairt;go raibh do naoimh ag canadh go meidhreach.

10 Ar mhaithe le Dáiví do sheirbhíseach,ná diúltaigh don té a d'ung tú.

11 Mhionnaigh an Tiarna do Dháiví,briathar daingean nach rachaidh sé siar air:“Is é mac do cholainne féina chuirfidh mé ar do chathaoir ríoga.

12 Má choimeádann do chlann mo chonradh,agus na teagaisc a mhúinfidh mé dóibh,beidh a gclann siúd freisin go bráchina suí ar do chathaoir ríoga.”

13 Óir roghnaigh an Tiarna Síón;is é ba rogha leis mar áras dó féin.

14 Is é seo áit mo shuaimhnis go brách;bainfidh mé fum ann óir is ann atá mo thaitneamh.

15 Beannóidh mé le flúirse bia é;tabharfaidh mé a sáith dá dhaoine bochta.

16 Gléasfaidh mé a shagairt le slánú,agus beidh a chuid fíréan ag canadh go meidhreach.

17 Tiocfaidh bláth ann ar bhuinneán Dháiví;réiteoidh mé lóchrann do m'ungthach.

18 Clúdóidh mé a naimhde le náire,ach caithfidh sé féin a choróin faoi ghradam.