Salm 79 ABN

An Sanctóir Scriosta

1 Salm Ásáf. 1 A Dhia, tháinig na ciníocha isteach i do thíragus rinne siad truailliú ar do theampall naofa;scrios siad Iarúsailéim go ndearna carnán cloch di.

1 Salm Ásáf.

2 Thugadar mar an gcéanna corpáin do sheirbhíseachchun bheith ina mbia ag éanlaith an aeiragus feoil do chuid naomh d'ainmhithe allta na tíre.

3 Dhoirt siad a gcuid fola amhail uisce mórthimpeall Iarúsailéim;agus ní raibh duine le fáil a chuirfeadh san uaigh iad.

4 Táimid mar ábhar aithise go dearfa ag ár gcomharsana;is ceap magaidh agus scige sinn dá mbíonn inár dtimpeall.

5 Cá fhad, a Thiarna? An mbeidh tú i bhfeirg linn go deo?Cá fhad a bheidh d'fhormad ar lasadh mar thine?

6 Lig amach do racht ar na ciníocha;ar na ríochtaí nach bhfuil admháil acu ar d'ainm.

7 Óir is amhlaidh a d'alp siad Iacób;agus rinne siad a áras cónaithe a scriosadh.

8 Ná leag orainne coireanna ár sean agus ár sinsear;go dtaga do thrua inár ndáil gan mhoillmar tá srathair na hainnise ag brú orainn go dóite.

9 A Dhia ar slánaithe, brostaigh chun ár gcúnaimh;cuidigh linn ar mhaithe le glóir d'ainm féin.Fuascail sinn agus maith dúinn ár bpeacaí as ucht d'ainm.

10 Cad fáth a ndeir na ciníocha: “Cá bhfuil a nDia?”Gura follas do na ciníocha os comhair ár súlgo mbainfidh tú díoltas díobh in éiric fuil do sheirbhíseach a dhoirteadh.

11 Go dtaga i do láthair osnaí bróin na bpríosúnach;agus go saora tú le do chumhacht an dream a daoradh chun báis.

12 Cúitigh, a Thiarna, faoi sheacht lenár gcomharsana;an aithis urghránna a chas siad leatsa.

13 Ach sinne, do phobal agus caoirigh do pháirce,tabharfaimid buíochas duit go brách na breithe;agus foilseoímid do mholadh ó ghlúin go chéile.