Salm 71 ABN

Urnaí na Seanaoise

1 Ortsa, a Thiarna, atá mo thriall;nár dhéantar mo náiriú go deo.

2 Fuascail mé i d'fhíréantacht agus saor mé;claon chugam do chluas agus tarrthaigh mé.

3 Bí agam i do charraig dhídine,i do dhúnfort daingean do mo tharrtháil;óir is tú mo charraig is mo dhún.

4 Fuascail mé as láimh an urchóidigh,as greim an ainbheartaigh agus an aintiarna.

5 Óir is leat atá mé ag feitheamh, a Thiarna;a Dhia, is tú mo dhóchas ó m'óige.

6 Is ort atá mo sheasamh ó rugadh mé,ó bhroinn mo mháthar ba thú mo dhídean;ionat a bhíodh mo dhóchas i gcónaí.

7 Ba ábhar iontais mé ag mórán daoineach is tú mo chúntóir cumasach.

8 Is lán mo bhéal de do mholadhagus de do ghlóir ar feadh an lae.

9 Ná caith uait mé i ndeireadh m'aoise;ná fág mé liom féin nuair a mheathfaidh mo bhrí orm.

10 Óir bím i mbéal mo naimhde;téann lucht mo bhraite i gcomhairle le chéile

11 á rá: “Tá sé tréigthe ag Dia;téigí ar a thóir agus beirigí air,óir níl aon neach ann lena shaoradh.”

12 A Dhia, ná bíse i bhfad uaim;déan deifir, a Dhia, agus cabhraigh liom.

13 Go gcuirtear trína chéile is go gcloíteara bhfuil ar tí m'anama.Go gclúdaítear le míchlú agus náirean drong ar mian leo mo dhochar.

14 Ach beidh dóchas agamsa go bráchagus cuirfidh mé le do mholadh in aghaidh an lae.

15 Fógróidh mo bhéal d'fhíréantachtagus do chúnamh ó lá go chéileóir ní fios dom a líon ná a n‑áireamh.

16 Fógróidh mé móréachtaí an Tiarna;d'fhíréantachtsa amháin a fhoilseoidh mé.

17 Thug tú teagasc dom ó m'óige, a Dhia,agus bhíos ag fógairt do mhóréachtaí go dtí seo.

18 I mo sheanóir liath dom anois,ná déan mé a thréigean, a Dhia,chun go bhfoilseoidh mé do chumhacht don ghlúin seoagus do chumas dá bhfuil le teacht.

19 Síneann d'fhíréantacht chun na bhflaitheas, a Dhia,is éachtach iad na nithe a rinne tú.A Dhia, cé is comhionann leatsa?

20 Leag tú orm iomad de thrombhuarthaíach tabharfaidh tú mo bheatha ar ais dom.Tógfaidh tú as broinn na talún mé;

21 Tabharfaidh tú gradam agus sólás ar ais dom.

22 Déanfaidh mé ceol duit ar an gcláirseach, dá bhrí sin,as ucht do dhilghrá dom, a Dhia.Seinnfidh mé freisin ar an gcruitduitse, a Neach Naofa Iosrael.

23 Déanfaidh mo bhruasa lúcháir agus mé ag canadh duitmar aon le m'anam atá ceannaithe agat.

24 Beidh mo theanga ag trácht ar d'fhíréantachti gcaitheamh an lae ar fad,toisc gur cuireadh nuar agus náirear an drong atá ar tí mo dhíobhála.