Salm 35 ABN

Urnaí in Aghaidh an Namhad

1 [Salm le] Dáiví. 1 Tagair mo chúis, a Thiarna, in aghaidh mo naimhde:cuir cath ar a mbíonn ag troid liom.

1 [Salm le] Dáiví.

2 Gabh chugat do sciath agus do lúireach,agus éirigh do mo chúnamh.

3 Beartaigh an ga agus [an tsleá]in aghaidh lucht mo thóraíochta.Abair le m'anam, a Thiarna:“Is mise do shlánú.”

4 Go dtugtar náire agus tarcaisne ar an dreamatá ar tí mo mharaithe.Go gcuirtear ar gcúl faoi náirelucht beartaithe oilc i m'aghaidh.

5 Go gcuire aingeal an Tiarna an ruaig orthuamhail cáith roimh an ngaoth;

6 go raibh a slí go sleamhain dúdhorchaagus aingeal Dé ar a dtí.

7 Leathadar a líon dom gan chúis:rinneadar uaigh dom gan ábhar.

8 Go dtaga orthu díothú gan choinne;go gceaptar iad féinsa líon a chuir siad i bhfolach romham.Go dtite siad sa chlais.

9 Déanfaidh m'anamsa lúcháir sa Tiarna:déanfaidh mé gairdeas ina shlánú.

10 Déarfaidh mé ó mo chroí go hiomlán:“Cé is cosúil leat, a Thiarna,an té a tharrthaíonn an truán ón tréanfhear,an duine dealbh ón tíoránach?”

11 Éiríonn finnéithe bréige i m'éadando mo cheistiú ach mé aineolach.

12 Díolann siad an t‑olc in aghaidh na maithe liom:tá m'anam go brónach.

13 Nuair a bhíodarsan breoite chuir mé sacéadach orm;chiapas m'anam le troscadh.Bhínn ag guí ó mo chroí orthu mar a ghuífinn

14 ar dheartháir liom nó cara;mar dhuine a bheadh ag caoineadh a mháthar,bhí mé crom le cumha.

15 Ach anois, ó tá mé san fhaopachcruinníonn siad faoi áthas.Tagann siad gan fhios orm, do mo bhualadh,‘s iad ag tromaíocht gan scíth orm.

16 Bíonn siad ag magadh fúm gan stad gan staonadh,is a bhfiacla ag díoscán i m'aghaidh.

17 Cá fhad a bheidh tú ag amharc orthu, a Thiarna?Tar agus fóir orm!Déan m'anam a fhuascailt óna n‑ionsaithe;m'anam ó na leoin.

18 Tabharfaidh mé buíochas duit sa mhórdháil;molfaidh mé thú sa slua.

19 An dream atá ina naimhde gan chúis dom,nár dhéana siad gairdeas umam.Agus an dream a thugann fuath dom gan fáth,nár chaocha siad a súile orm.

20 Is fuath leo muintir shuaimhneach na tíre:cumann siad cealg ina n‑aghaidh.

21 Deir siad, agus a mbéal ar leathadh acu:“Há, há! Nach bhfacamar féin é!”

22 Chonaic tusa é, a Thiarna; ná bí i do thost;ná bí i bhfad uaim, a Thiarna!

23 Múscail! agus brostaigh chun mo chosantaa Dhia liom; a Thiarna bí liom.

24 Tabhair breith orm de réir do chirt, a Thiarna;ná maídís a mbua orm, a Dhia.

25 Ná smaoinidís ina gcroí: “Tá buaite againn!”Ná habraidís: “Shlogamar siar é!”

26 An dream lenarb áil mo dhochar,go raibh náire is míchlú orthu!Go gclúdaítear le heasonóir is le haithislucht maíte i m'éadan.

27 Bíodh gliondar agus gairdeas ar lucht mo pháirte,agus abraidís gan sos:“Moladh leis an Tiarna lenarb áilsonas a sheirbhísigh!”

28 Agus foilseoidh mo theanga d'fhíréantachtagus do mholadh ar feadh an lae.