Salm 115 ABN

Ollchumhacht agus Ollmhaitheas Dé

1 Ní dúinne, a Thiarna, ní dúinne,ach do d'ainmse is dleacht an moladhas ucht do bhuanghrá agus d'fhírinne.

2 Cad fáth a ndeir na ciníocha “Cá bhfuil a nDia?”

3 Is ar neamh atá ár nDiana;gach uile ní is áil leis, déanann sé é.

4 Ór agus airgead a n‑íolasan,agus saothar láimhe an duine.

5 Tá béal acu ach ní fhéadann siad labhairt;tá súile acu ach ní fheiceann siad dada.

6 Tá cluasa orthu ach ní chluineann siad dada;tá sróna acu ach ní bhfaigheann siad boladh.

7 Tá lámha acu ach ní láimhsíonn siad aon ní;tá cosa acu ach ní thig leo siúl;ní thagann aon ghlór óna scornach.

8 Is ionann cás do lucht a ndéantaagus do chách a chuireann a ndóchas iontu.

9 Tá dóchas chlann Iosrael sa Tiarna;is é is cabhair agus is sciath dóibh.

10 Tá dóchas chlann Árón sa Tiarnais é is cabhair agus is sciath dóibh.

11 Cuireann lucht eagla an Tiarna a ndóchas ann;is é is cabhair agus is sciath dóibh.

12 Is cuimhin leis an Tiarna sinn; beannóidh sé sinn;beannóidh sé clann Iosrael agus clann Árón.

13 Beannóidh sé lucht eagla an Tiarna,idir mhion agus mhór in éineacht.

14 Méadóidh an Tiarna i gcónaí sibh,sibhse agus bhur gclann go léir.

15 Go raibh beannacht an Tiarna anuas oraibhón té a rinne neamh agus talamh.

16 Is leis an Tiarna amháin na flaithis;ach thug sé an talamh don duine.

17 Ní hiad na mairbh a thabharfaidh moladh don Tiarna,ná an drong a ghabhann síos san uaigh.

18 Ach tabharfaimidne moladh don Tiarna,anois agus go brách na breithe.