Salm 17 ABN

Urnaí in aghaidh Lucht Géarleanúna

1 Urnaí Dháiví.Éist le cúis chóir, a Thiarna;tabhair aird ar mo ghlór;tabhair cluas do m'urnaí nach dtagannas béal bréagach.

1 Urnaí Dháiví.

2 Gurab uaitse a gheobhaidh mé breithiúnas;feiceann tusa an fhírinne.

3 Cuardaigh mo chroí, tabhair cuairt orm san oíche,déan mo thástáil le tine agus ní bhfaighidh tú coir ionam.

4 Níor pheacaigh mo bhéal de réir nós an duine;sheachnaigh mé an foréigean de réir bhriathra do bhéil.

5 Ghreamaigh mo chéimeanna go daingean de do shlite,ní dheachaigh mo chosa ar fán ná ar fuaidreamh.

6 Gairim ort, a Dhia, agus tabharfaidh tú freagra orm:claon do chluas agus éist le mo bhriathar.

7 Taispeáin dom do bhuanghrá ró-iontach, a Thiarna,a shaorann a dtriallann ort le neart do dheasláimhe.

8 Déan mo chosaint mar mhac imreasan do shúile;folaigh mé faoi scáth do sciathán

9 ar na peacaigh a imríonn éigean orm.Tá mo naimhde i mo thimpeall go feargach fraochta;

10 a ndúrchroí dunta, a mbéal ag déanamh mórtais.

11 Éiríonn siad i m'éadan, bailíonn siad i mo thimpeall,táid ag faire na faille d'fhonn mé a leagan ar lántalamh.

12 Is cosúil iad le leoin ar thóir a gcreiche,le coileáin leoin i bhfolach sa dorchacht.

13 Éirigh ina n‑aghaidh, á dtreascairt, a Thiarna;saor m'anam ón éagráifeach le faobhar do chlaímh.

14 Go saora do lámh mé, a Thiarna, ó dhaoinea bhfuil mian a gcroí i nithe an tsaoil seo.Líonann tú a mbolg as do líonmhaireachtgo mbíonn díol a sáithe ag a gclann,agus go bhfágann siad fuíoll ag a leanaí.

15 Feicfidh mise, áfach, do aghaidh i bhfíréantacht,agus ag dúiseacht dom sásófar mé le radharc do ghnúise.